Written answers

Tuesday, 19 June 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Caiteachas Caipitiúil

8:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 407: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an caiteachas caipitiúil faoi gach fomhír de na meastacháin go dáta, cad í an sprioc chaiteachais go dáta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29393/12]

Photo of Jimmy DeenihanJimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá leithdháiltí caiteachais mo Ghrúpa Vóta ag leibhéal fo-mhírchinn foilsithe sna Meastacháin Athbhreithnithe agus tá próifílí caiteachais foilsithe don bhliain 2012 ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Airgeadais. Mar áis tagartha tá leithdháiltí mo Roinne ag leibhéal fo-mhírchinn ar fáil ag an nasc thíos: http://per.gov.ie/estpubexp2012/. Is féidir breathnú ar chaiteachas maidir le próifílí foilsithe do mo Ghrúpa Vóta tríd an nasc seo a leanas: http://www.finance.gov.ie/documents/exchequerstatements/2012/analspendMay2012.pdf

Mar eolas don Teachta, ar an 31 Bealtaine, 2012, sheas caiteachas caipitil mo Roinne thart ar €9.7m. Léiríonn sé seo thart ar 91% den phróifíl foilsithe agus 23% den leithdháileadh REV de €43m.

Mar a thuigeann an Teachta, ar ndóigh, cé go ndéantar monatóireacht agus bainistiú ar bhonn rialta ar chaiteachas mo Roinnse i gcoibhneas le próifíl ag leibhéal fo-mhírchinn, bíonn figiúirí caiteachais leanúnacha dá leithéid sealadach agus faoi réir phromhadh inmheánach trí chóras bainistíochta airgeadais mo Roinne agus, ar deireadh, faoi réir phromhadh an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Dá mbeadh tuarascálacha mionsonraithe inmheánacha ar chaiteachas ag leibhéal fo-mhírchinn le foilsiú roimh dheireadh bliana, feictear dom go mbeadh breis promhaidh ag teastáil, chomh maith le méid díréireach ama agus oibre ar bhonn leanúnach, agus go mbeadh sé deacair cás a shuíomh dó sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.