Written answers
Tuesday, 12 June 2012
Department of Education and Skills
Cóimheas Daltaí le Múinteoir
8:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 247: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna cén sceideal múinteoirí a bheidh ag na meánscoileanna ar na hoileáin seo amach ón gcósta, Inis Oírr, Inis Meáin, Árainn, Árainn Mhór agus Toraigh don scoilbhliain 2012/2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27767/12]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Tugtar faomhadh do leithdháiltí múinteoirí gach bliain de réir na rialacha bunaithe, ag brath ar an rollachán aitheanta daltaí. Leithdháiltear múinteoir de bhreis ar leithdháileadh na scoile do gach scoil oileáin de réir na rialacha bunaithe.Tá mo Roinnse tar éis na socruithe foirne ag an leibhéal iarbhunscoile a fhoilsiú don scoilbhliain 2012/13. Is é an Ciorclán Roinne ábhartha ná 0009/2012 agus tá sé sin le fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne. Tá an próiseas leithdháileadh múinteoirí ag an leibhéal iarbhunscoile curtha i gcrích den chuid is mó ag an dtráth seo agus fógra dá réir sin tugtha do na scoileanna go léir, an scoil dá dtagraíonn an Teachta san áireamh.
Ní bheidh an staid dheiridh maidir le foirniú do na scoileanna uile ar eolas faoi dheoidh go dtí an Fómhar. Faoin am sin beidh an próiseas leithdháilte curtha i gcrích go hiomlán agus beidh na hachomhairc go léir, a bheidh déanta chuig an mBord Achomhairc um Sholáthar Foirne, breithnithe.
No comments