Written answers

Tuesday, 12 June 2012

Department of Agriculture, Marine and Food

Tionscail na hIascaireachta

8:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 526: To ask the Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil sé i gceist aige cearta iascaigh faoi leith a thabhairt d'iascairí, mar shampla tonnáiste breise atá ina gcónaí go buan ar na hoileáin ó tharla cearta iascaigh a bheith in easpa orthu go traidisiúnta de bharr easpa céibheanna cóiriúla a bheith ar na hoileáin san am atá caite; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27768/12]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ar bhonn stoic ag an gComhairle um Iascach gach bliain i mí na Nollag a shocraítear an Ghabháil Iomlán is Incheadaithe agus cuótaí na stoc éisc don bhliain ina dhiaidh.

Déantar bainistiú ar chuótaí éisc na hÉireann de réir an pholasaí náisiúnta agus tagann Coiste Comhairleach um Bainistiú Cuóta Iasc Geal, ar a bhfuil ionadaithe as an tionscal, le chéile gach mí le comhairle a chur orm maidir le srianta gabhála ar chuótaí iasc geal.

Tá teacht ag gach soitheach iascaigh ag a bhfuil ceadúnas ilchineálach ar na srianta gabhála seo, lena n-áirítear úinéirí soitheach a bhfuil cónaí orthu ar oileáin. Faoi rialacháin AE tá srianta ar úsáid trealamh iascaireachta ar leith (eangach gheolbhaigh) in uiscí amach ó chósta Dhún na nGall agus is údar imní é seo d'iascairí beaga a bhí ag iascach sna huiscí seo riamh.

Ar an mbonn go mbeifí in ann a léiriú nach bhfuil ardú tagtha ar ghabhálacha trosc (ná ar stoic eile freisin iasc a bhfuil ró-iascach á dhéanamh orthu ar nós an fíogach gobach agus an faoitín) a dhéanfaí athruithe ar Rialacháin AE faoina gcuirfí deireadh le srianta reatha.

Tá obair phíolótach déanta ag BIM i gcomhar le Foras na Mara ar iascach fíogach beag agus jigeáil ar mhangaigh agus tá cás curtha chun cinn ag Éire chuig an gCoimisiún Eorpach gur cheart cead a thabhairt don chineál sin iascaigh.

Nílim cinnte an mbaineann an tagairt do "thonnáiste breise" le ceanglas ceadúnais do chóras iontrála/imeachta 100% i ndáil le hacmhainn nua sa bhflít, ar ceanglas é de chuid an AE.

I ndáil leis sin is tráchtearra intrádála tráchtála í acmhainn (i gcás tonnáiste agus kWanna) a bhíonn faoi úinéireacht phríobháideach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.