Written answers
Tuesday, 12 June 2012
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Forbairt Calaí agus Céanna
8:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 396: To ask the Áire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén méid airgid atá fós le híoc le Comhairle Contae na Gaillimhe as an obair a rinneadh ar an gCaladh Mór in Inis Meáin, cén uair a aontaíodh go bhfuil an t-airgead le híoc; cén chúis atá leis an moill leis an íocaíocht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27770/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Mar eolas don Teachta, cheadaigh mo Roinnse deontais de circa €14m do Chomhairle Contae na Gaillimhe d'fhorbairt céimeanna I agus II de Ché an Chalaidh Mhóir ar Inis Meáin. Bhí oibreacha dreideála, tonnchosc a thógáil, síneadh a chur leis an gcé agus obair chomhairleach i gceist leis an bhforbairt sin. Tá an fhorbairt sin críochnaithe anois agus tá na deontais a bhí ceadaithe ina leith ag mo Roinnse íoctha go hiomlán.
Ina theannta sin, ceadaíodh deontas €100,000 do Chomhairle Contae na Gaillimhe in 2010 maidir le staidéar féidearthachta, réamhdhearadh agus ceadúnais reachtúla i ndáil le céim III d'fhorbairt Ché an Chalaidh Mhóir. Tá fuílleach €6,687.55 den deontas sin fós le híoc le Comhairle Contae na Gaillimhe. Níl an t-airgead sin íoctha mar nach bhfuair mo Roinnse aon éileamh íocaíochta ón gComhairle Contae ina leith.
No comments