Written answers
Wednesday, 6 June 2012
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
An Fhoireann Rannach
10:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 475: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil a Roinn nó Údarás na Gaeltachta tar éis aon duine a athfhostú le déanaí a d'fhág a phost nó a post nuair a bhí an pacáiste luathscoir d'oibrithe san earnáil phoiblí ar fáil. [27136/12]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Faoi mar a chuir mé in iúl don Teach i mo fhreagra ar Cheist Pharlaiminte Uimh 324 ar 8 Bealtaine 2012, tá múinteoir scoile, atá ar scor, ag obair mar Chomhairleoir Speisialta i mo Roinn. Is é €38,216 in aghaidh na bliana a thuarastal, tar éis lacáiste i leith a phinsin. Níl éinne eile, atá ar scor, tar éis a bheith athfhostaithe ag mo Roinn.
Tuigim freisin go bhfuil na socruithe seo a leanas déanta ag Údarás na Gaeltachta maidir le conarthaí gearrthéarma i gcás beirt oifigeach dá chuid atá ar scor:
· duine ar chonradh 4-mhí, ar tháinig deireadh leis ar 30 Aibreán 2012, mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin eatramhach, ar chostas €20,916; agus
· duine ar chonradh 6-mhí, a chríochnóidh ar 31 Lúnasa 2012, mar dhlíodóir, ar chostas €23, 663.
Tuigim go bhfuil an prionsabal lacáiste curtha i bhfeidhm i ngach cás acu seo.
No comments