Written answers

Wednesday, 6 June 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Údarás na Gaeltachta

10:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 472: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil na maoir atá freagrach as scéimeanna Fás atá á reáchtáil faoi choimirce Údarás na Gaeltachta i dteideal pinsin a fháil ón Údarás. [27132/12]

Photo of Jimmy DeenihanJimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil fostaíocht na maor atá luaite ag an Teachta ag brath ar mhaoiniú a bheith ar fáil ón Roinn Coimirce Sóisialaí do na scéimeanna ar a bhfuil siad ag obair. Cé nach bhfuil na maoir páirteach i scéim pinsean an Údaráis, comhairlítear dom go bhfuil sé curtha in iúl ag an Údarás dóibh mar rogha chaighdéanach go bhfuil an deis acu páirt a ghlacadh i scéim pinsean príobháideach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.