Written answers

Thursday, 17 May 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Foras na Gaeilge

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 91: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an mbeidh pobal na Gaeilge i gceannas ar a gclár oibre féin faoin tSamhail Nua Mhaoinithe atá beartaithe ag Foras na Gaeilge, an aithneoidh an tSamhail seo bonneagar reatha na n-eagraíochtaí reatha, an aithneofar sa tSamhail nua rannpháirteachas na gcomhaltaí deonacha agus saineolas na bhfoirne reatha; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24609/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ní mór dom a mheabhrú don Teachta gurb é Foras na Gaeilge atá i mbun na hoibre seo a bhaineann leis an athbhreithniú ar na heagraíochtaí bunmhaoinithe.

Tuigim ó Fhoras na Gaeilge gurb é an staid reatha maidir leis an bpróiseas seo ná go bhfuil tuarascáil á réiteach don bhord maidir leis na moltaí a tháinig chun cinn le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a chríochnaigh ar an 2 Aibreán 2012.

Táthar ag súil go mbeidh tuarascáil chríochnúil Fhoras na Gaeilge faoin bpróiseas comhairliúcháin poiblí réidh le dul os comhair na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas ag an gcéad chruinniú eile i bhfoirm rannach an Fhorais Teanga ar an 9 Iúil 2012.

Ina dhiaidh sin, beidh Foras na Gaeilge ag déanamh leasuithe ar a gcuid dréachtscéimeanna, de réir mar is gá agus mar is cuí, ag tógáil na moltaí ón bpróiseas comhairliúcháin san áireamh agus i gcomhréir le treoir na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.