Written answers

Tuesday, 15 May 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Úsáid na Gaeilge

8:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 326: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfar soláthar i bhforálacha an Bhille nua Gaeltachta do chatagóirí éagsúla Gaeltachta, bunaithe ar líon na gcainteoirí gníomhacha Gaeilge atá sna limistéir éagsúla, mar atá molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. [24218/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá sé beartaithe go ndéanfar foráil faoin Bhille Gaeltachta do shainmhíniú reachtúil nua ar an Ghaeltacht a bheidh bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha le hais an tsainmhínithe mar a sheasann sé faoi láthair atá bunaithe ar limistéir shonracha gheografacha.

Tá sé i gceist go dtabharfar stádas reachtúil faoin Bhille Gaeltachta do cheantair pleanála teanga sa Ghaeltacht a bhfuil stádas agus riachtanais teangeolaíocha éagsúla acu mar a bhí molta sa Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tabharfaidh an reachtaíocht atá á ullmhú faoi láthair feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh plean teanga á ullmhú ag leibhéal an phobail do gach ceantar pleanála teanga. Déanfaidh na pleananna sin comhtháthú maidir le gníomhaíochtaí teanga, oideachais, pleanála agus forbairt shóisialta agus pobail. Tá plé ag dul ar aghaidh le tamall idir mo Roinnse agus Údarás na Gaeltachta faoin bhealach is fearr le tabhairt faoin phróiseas pleanála teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.