Written answers
Thursday, 10 May 2012
Department of Agriculture, Marine and Food
Íocaíochtaí Deontas
4:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 144: To ask the Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén fáth nach bhfuil íocaíochtaí AEOS II 2011 á ndéanamh le feirmeoirí i láthair na huaire, go háirithe le feirmeoirí nach bhfuil fadhbanna lena n-iarratais tar éis scrúdú riaracháin a bheith déanta orthu ag a Roinn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23469/12]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Faoi Rialacháin an AE a rialaíonn an Scéim um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta agus scéimeanna íocaíochta bunaithe sa cheantar, ní mór seiceáil riaracháin chuimsitheach, tras-sheiceáil leis an gCóras Aitheanta Dáileachtaí Talún ina measc, a chur i gcrích ar gach iarratas sular féidir íocaíocht ar bith a eisiúint. Tarlaíonn na seiceálacha seo i bhfad roimh ré agus táim ag súil leo a bheith curtha i gcrích go luath amach anseo agus go dtosófar ag déanamh íocaíochtaí i leith 2011 i mí an Mheithimh. Tosófar le híocaíochtaí a dhéanamh atá dlite i leith 2012 níos déanaí sa bhliain.
No comments