Written answers

Thursday, 3 May 2012

Department of Agriculture, Marine and Food

Calafoirt agus Céanna

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 254: To ask the an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara cé na socruithe atá á ndéanamh aige lena chinntiú go mbeidh páirceáil shaor in aisce shábháilte ar fáil ag Céibh Ros a'Mhíl do bhunadh na n-oileán lena gcarranna a fhágáil ann nuair atá siad ar an oileán; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22430/12]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Glacaim leis go bhfuil do cheist ag tagairt do pháirceáil ag Ionad Cuan Iascaigh Ros an Mhíl do mhuintir Árann. Ní mór do mo Roinnse gach Ionad Cuan Iascaigh a stiúradh ar bhealach seasmhach airgeadais agus níl aon oibleagáid ann páirceáil saor in aisce a chur ar fáil i Ros an Mhíl do mhuintir Árann. Thug mo Roinn faoi obair mhór uasghrádaithe ar shaoráidí páirceála i Ros an Mhíl le déanaí agus tá siad sin anois réidh le húsáid. Tá an Roinn ar tí iarratas ar thairsicintí ó oibreoirí neamhspleácha a fhógairt chun an carrchlós a bhainistiú thar a ceann agus beidh táille le híoc ar an tsaoráid a úsáid.

Mar aitheantas ar na cúinsí speisialta a bhaineann le hÁrainn, áfach, bhuail oifigigh ó mo Roinnse agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le hionadaithe Chomharchumainn Árann an 23 Feabhra 2012 chun plé a dhéanamh ar charrchlós saor in aisce a bheith ar fáil do mhuintir Árann amháin. Tá an carrchlós eile seo le taobh an charrchlóis ina n-íoctar airgead le pairceáil ann. Tá sé socraithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú a chur ar fáil chun obair feabhais a dhéanamh ar an gcarrchlós saor in aisce. Tá ionadaithe Chomharchumainn na n-oileán le teacht ar ais chuig mo Roinnse faoin tairiscint.

Féadfaidh ar ndóigh muintir Árann an príomh-charrchlós a úsáid agus íoc as más mian leo sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.