Written answers

Thursday, 3 May 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Seirbhísí Farantóireachta

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 193: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an mbeadh sé sásta seirbhís bhreise i lár an lae Dé Domhnaigh a chur ar fáil sa gcéad chonradh eile don bhád farantóireachta go hInis Meáin agus Inis Oírr; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22432/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Beidh an conradh farantóireachta chuig Inis Meáin agus Inis Oírr ag teacht chun críche ar an 31 Deireadh Fómhair 2012. Tá léiriú spéise á lorg trí chóras etenders ag mo Roinn faoi láthair i leith an chonartha nua a thosóidh ar an 1 Samhain 2012.

Cuimsíonn an léiriú spéise dhá rogha. Tá an chéad rogha ar aon dul leis an leibhéal seirbhíse atá ann faoi láthair, is é sin dhá sheoladh fillte in aghaidh an lae don bhliain iomlán. Is é atá i gceist leis an dara rogha ná seoladh fillte breise ar an Domhnach i rith an tsamhraidh. Déanfar cinneadh i leith an leibhéil seirbhíse nuair a bheidh measúnúá dhéanamh ar na tairiscintí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.