Written answers

Tuesday, 1 May 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Scéimeanna Teanga

9:00 pm

Photo of Pádraig Mac LochlainnPádraig Mac Lochlainn (Donegal North East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 127: To ask the Aire Gaeltacht Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a mheasúnú a thabhairt ar an scéim is déanaí a deimhníodh anuraidh. [21649/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt don dara scéim teanga don Bhord Pleanála a daingníodh anuraidh. Tá sonraí na scéime sin ar fáil ar shuíomh idirlín Oifig an Choimisinéara Teanga, www.coimisneir.ie. Aithnítear go bhfuil acmhainní teoranta ag comhlachtaí poiblí ó thaobh seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar agus go bhfuil dúshláin ar leith ann dóibh dá réir líon agus caighdeán na seirbhísí sin a fheabhsú. Tá sé tábhachtach go gcuirtear na srianta reatha earcaíochta agus airgeadais atá ar chomhlachtaí poiblí san áireamh nuair atá scéimeanna á measúnú.

Léiríonn na scéimeanna teanga atá daingnithe go dáta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 go bhfuil cur chuige réadúil agus praiticiúil glactha ag comhlachtaí poiblí maidir le soláthar níos fearr de sheirbhísí trí Ghaeilge a sheachadadh, ag tógáil san áireamh cumas na gcomhlachtaí sin ó thaobh na n-acmhainní daonna agus airgeadais atá ar fáil dóibh. Táim sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ón uair a tháinig an tAcht i bhfeidhm maidir le comhlachtaí poiblí a bheith ag soláthar seirbhísí i nGaeilge don phobal agus maidir le feabhas a bheith tagtha ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Státchóras.

Ní miste a rá gur gnó do na comhlachtaí poiblí a chinntiú go gcomhlíontar na dualgais atá orthu faoin Acht ar an gcaoi chéanna is a chomhlíontar dualgais faoi aon reachtaíocht eile. Faoi fhorálacha an Achta, is ar Oifig an Choimisinéara Teanga atá an cúram monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na ndualgas sin agus céimeanna a ghlacadh lena chinntiú go gcomhlíontar iad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.