Written answers

Tuesday, 1 May 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Scéimeanna Teanga

9:00 pm

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 125: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta go bhfuil sé d'achmainn ag a Roinn, agus ag gach eagras atá bainteach leis a Roinn, a riachtanais faoi na scéimeanna teanga a chomhlíonadh; agus an bhfuil foireann ag a Roinn agus ag gach eagras stáit a bhfuil go leor Gaeilge acu chun a riachtanais faoi na scéimeanna teanga a chomhlíonadh. [21653/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Cuireann Acht na dTeangacha Oifigiúla creat ar fáil chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge de réir a chéile, ionas gur féidir dualgais an Stáit a chomhlíonadh ar bhealach comhtháiteach atá i gcomhréir leis na hacmhainní atá ar fáil. Tá an tAcht á chur i bhfeidhm ar bhonn céimiúil, i gcomhréir leis an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí ar leith agus de réir mar a thiocfaidh feabhas ar chumas an Státchórais líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú thar thréimhse ama.

Léiríonn na scéimeanna teanga atá daingnithe go dáta faoin Acht go bhfuil cur chuige réadúil agus praiticiúil glactha ag comhlachtaí poiblí maidir le soláthar níos fearr de sheirbhísí trí Ghaeilge a sheachadadh, ag tógáil san áireamh cumas na gcomhlachtaí sin ó thaobh na n-acmhainní daonna agus airgeadais atá ar fáil dóibh. Leagtar béim ar leith sna scéimeanna teanga ar a thábhachtaí is atá sé cumas Gaeilge na mball foirne a fheabhsú trí oiliúint chuí a chur ar fáil dóibh.

Aithníodh ón tús go bhfuil acmhainní teoranta ag comhlachtaí poiblí ó thaobh seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar agus go bhfuil dúshláin ar leith ann dóibh dá réir líon agus caighdeán na seirbhísí sin a fheabhsú. Mar aitheantas ar an dúshlán sin, tá an-bhéim leagtha ag mo Roinnse ar a thábhachtaí is atá sé go gcuirfí na hacmhainní cuí ar fáil do chomhlachtaí poiblí le gur féidir leo a gcuid seirbhísí trí Ghaeilge a fheabhsú.

Ar na tionscnaimh a forbraíodh i gcomhar le gníomhaireachtaí eile le blianta beaga anuas, tá:

· córas um Dhearbhú Cáilíochta d'Aistritheoirí agus d'Eagarthóirí;

· bunachair shonraí de théarmaí agus de logainmneacha ar líne – www.focal.ie agus www.logainm.ie ;

· acmhainní cuimhne aistriúcháin Gaeilge;

· gluais de chomharthaí agus de théarmaí eile ar líne – www.gaeilge.ie ;

· bunachar sonraí de théarmaí an Aontais Eorpaigh agus de théarmaí dlíthiúla i nGaeilge; agus

· líne chabhrach do cheisteanna ar gach gné den Ghaeilge – www.freagra.net .

Tá an cheist maidir le cumas comhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus ceist na hearcaíochta don Státchóras fite fuaite lena chéile. Ar ndóigh, is ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá an fhreagracht maidir le polasaí earcaíochta don Státchóras.

Ní miste aird a tharraingt ar an méid atá ráite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ina leith seo, is é sin go ndéanfar socruithe cuí chun cur leis an líon oifigeach sa Státchóras atá in ann feidhmiú go dátheangach agus go mbunófar na socruithe sin de réir a chéile, ag aithint na srianta earcaíochta atá ann faoi láthair. Chomh maith leis sin, tá sé ráite sa Straitéis go ndéanfar cláir oiliúna teanga a fhorbairt chun cur le líon na n-oifigeach sa Státchóras atá in ann seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Beidh an cur chuige is oiriúnaí chun feidhm a thabhairt do na bearta éagsúla sin á scrúdú mar chuid de chur i bhfeidhm na Straitéise.

Ó thaobh comhlachtaí poiblí de, is gnó do na comhlachtaí sin a chinntiú go gcomhlíontar na dualgais atá orthu faoin Acht ar an gcaoi chéanna is a chomhlíontar dualgais faoi aon reachtaíocht eile. Faoi fhorálacha an Achta, is ar Oifig an Choimisinéara Teanga atá an cúram monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na ndualgas sin agus céimeanna a ghlacadh lena chinntiú go gcomhlíontar iad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.