Written answers

Tuesday, 1 May 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Oifig an Choimisinéara Teanga

9:00 pm

Photo of Dessie EllisDessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 123: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an féidir leis cur síos a dhéanamh ar na tuarascálacha iniúchta ón gCoimisinéir Teanga a cuireadh os comhair an Oireachtais ó osclaíodh an oifig, agus ar aon ghníomh atá déanta ina leith; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21656/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

I dtús báire, ní miste dom a chur i gcuimhne don Teachta gur oifig neamhspleách reachtúil í Oifig an Choimisinéara Teanga agus, i gcomhréir le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, go bhfuil an Coimisinéir Teanga neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid dualgas. An méid sin ráite, tuigim go bhfuil 3 thuarascáil den chinéal ata luaite ag an Teachta curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais go dáta ag an gCoimisinéir Teanga. Baineann na tuarascálacha sin leis an Roinn Coimirce Sóisialaí, le hArd-Mhúsaem na hÉireann agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Tá na sonraí maidir leis na tuarascálacha ata i gceist ar fáil ar shuíomh idirlín Oifig an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie. Faoi fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, níl aon ról reachtúil agamsa, mar Aire, maidir le tuarascálacha den chineál seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.