Written answers
Tuesday, 24 April 2012
Department of Justice, Equality and Defence
Líon na nGardaí
9:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 554: To ask the Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cé mhéad duine de na gardaí atá lonnaithe i nGaeltachtaí Mhaigh Eo, na Gaillimhe, Chiarraí, Chorcaí, Phort Láirge agus an Mhí a bhfuil Gaeilge líofa acu. [19829/12]
Alan Shatter (Dublin South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Faoi théarmaí Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí, ar a n-áirítear an Garda Síochána, seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge. Chuige sin, tugadh oiliúint sa Ghaeilge do na Gardaí go léir mar chuid dá gclár oiliúna. Ina theannta sin, faigheann roinnt Gardaí, atá ar stáisiún de réir mar atá sa tábla seo a leanas, Liúntas Gaeltachta lena ndearbhaítear go bhfuil leibhéal áirithe líofachta bainte amach acu maidir le húsáid na Gaeilge, agus tá siadsan ag obair agus ag oibriú i gceantair Ghaeltachta áirithe.
Ceantar | Gardaí | Cúltaca an Gharda Síochána | Sibhialtaigh | Líon na nGardaí a bhfuil an Liúntas Gaeltachta á fháil acu |
Gaillimh | 585 | 59 | 44 | 221 |
Ciarraí | 307 | 26 | 32 | 28 |
Dún na nGall | 436 | 25 | 29 | 49 |
Tá Gardaí eile, a oibríonn ar fud na tíre, agus lena n-áirítear i Maigh Eo, gCorcaigh, Port Láirge, agus an Mhí, atá in ann seirbhís iomlán a chur ar fáil i nGaeilge. Ní féidir líon na gcomhaltaí sin a lua, áfach.
No comments