Written answers
Wednesday, 18 April 2012
Department of Agriculture, Marine and Food
Íocaíochtaí Deontas
10:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 1128: To ask the Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair atá sé i gceist íocaíocht AEOS a dhéanamh le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18664/12]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Cuireadh in iúl don duine ainmnithe gur ceadaíodh dó a bheith rannpháirteach sa Scéim um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta 2011 le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2011.
Faoi Rialacháin an AE a rialaíonn an Scéim agus scéimeanna íocaíochta limistéir-bhunaithe eile, ní mór seiceáil riaracháin chuimsitheach a dhéanamh ar gach iarratas, lena n-áirítear cros-seiceálacha leis an gCóras Aitheanta Dáileachtaí Talún, sular féidir aon íocaíocht a eisiúint. Tá tús curtha leis an bpróiseas sin le súil is tosú ag déanamh íocaíochtaí chomh luath agus is féidir. Sa chás go n-eascródh ceist ar bith mar thoradh ar na seiceálacha sin, déanfaidh mo Roinn teagmháil leis an duine ainmnithe go díreach.
No comments