Written answers

Wednesday, 18 April 2012

Department of Agriculture, Marine and Food

Íocaíochtaí Deontas

10:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 1123: To ask the Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén fáth nach bhfuair feirmeoir (sonraí tugtha) íocaíocht faoin scéim REPS le cúpla bliain anuas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18585/12]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

An 1 Iúil 2006 a thosaigh an duine ainmnithe le REPS 3 agus fuair íocaíocht iomlán don chéad dhá bhliain dá chonradh.

Fuarthas amach le linn seiceáil riaracháin go raibh neamhréireacht ó thaobh limistéir idir na tailte a dearbhaíodh do SPS agus REPS agus an litir a eisíodh chuig an duine ainmnithe an 24 Lúnasa 2010 ag iarraidh mínithe ar an neamhréireacht. Ní bhfuarthas míniú ná plean leasaithe ón duine ainmnithe.

Chuir an duine ainmnithe glaoch teileafóin ar oifig na Gaillimhe an 5 Aibreán 2011 agus chuir duine de mo chuid Oifigeach in iúl dó go raibh air plean leasaithe a chur isteach a leireodh an staid reatha SPS. Ni bhfuarthas aon phlean leasaithe go dti seo i mo Roinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.