Written answers
Wednesday, 21 March 2012
Department of Education and Skills
Scoileanna Oileáin
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 114: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige a chinntiú go mbeidh dhá oide ag múineadh i ngach bunscoil sna hoileán nach bhfuil ceangailte leis an mórthír le droichead don scoilbhliain 2012/2013 ach nach bhfuil ach bunscoil amháin orthu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14983/12]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Tá na socruithe foirne do na bunscoileanna uile don scoilbhliain 2012/13, na scoileanna oileáin ina measc, leagtha amach i gCiorclán Bunscoile 0007/2012 atá le fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne. Cuimsíonn na socruithe foráil don dara nó don tríú post príomhshrutha múinteoireachta i scoil oileáin a choimeád, faoi réir ag tairseacha dalta áirithe, 8 agus 45 faoi seach, agus ar an gcoinníoll gurb í an scoil sin an t-aon bhunscoil atá fágtha ar an oileán.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 115: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna cé mhéad bunscoil atá lonnaithe ar oileáin gan ceangal droichid leis an mórthír; cad iad ainmneacha na scoileanna sin agus na n-oileán ar a bhfuil siad suite; cén líon daltaí agus cén líon múinteoirí ranga atá i ngach scoil acu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14984/12]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Tá an teolas atá á lorg ar fáil ar na táblaí ceangailte.
UR | Ainm | Daltaí | Múinteoirí ranga |
05164I | Scoil Naomh Cholmcille, Oileán Thoraí, Co Donegal | 6 | 1 |
15955W | Scoil Naisiúnta Arainn Mhór 1, Arainn Mhor, Co Donegal | 47 | 3 |
16384K | Scoil Naisiúnta Arainn Mhór 2, Arainn Mhor, Co Donegal | 12 | 2 |
12339I | Scoil Naisiúnta Inis Meadhoin, Arainn, Co. na Gaillimhe | 9 | 2 |
13174H | St Columba's NS, Inisturk, Co Galway | 6 | 1 |
13927H | Inisbhoffin NS, Inishbofin, Co Galway | 21 | 2 |
17289V | Scoil Naisiúnta Caomháin, Inis Oirthir, Arainn, Co na Gaillimhe | 22 | 2 |
17456O | Scoil Naisiúnta Rónáin, Aran, Co Galway | 46 | 3 |
20210W | S N Eoin Pol II, Inis Mor, Arainn, Co. na Gaillimhe | 17 | 2 |
14065H | Sherkin Island NS, Baltimore, Co Cork | 8 | 2 |
19525R | Scoil Mhicil Noafa, Ballinakilla, Bere Island, Co Cork | 21 | 2 |
14303U | Scoil Naisiúnta Cléire, Oileán Chléire, an Sciobairin, Co Cork | 13 | 2 |
Dara Leibhéal | ||||||
Uimhir Rolla | Ainm | Seoladh1 | Seoladh2 | Seoladh3 | Seoladh4 | 2010-11 |
71244F | Gairmscoil Mhic Diarmada | An Leadhbgarbh | Árainn Mhór | Co Dhún na nGall | 55 | |
71300M | Gairmscoil Éinne Oileain Arann | Cill Rónain | Inis Mór | Árainn | Co na Gaillimhe | 70 |
71370K | Coláiste Ghobnait | Inis Oírr | Oileáin Arann | Cuan na Gaillimhe | 23 | |
76079S | Coláiste Phobail Cholmcille | Baile Úr | Oileán Thoraí | Doirí Beaga | Co. Dhún Na nGall | 9 |
No comments