Written answers

Tuesday, 13 March 2012

Department of Agriculture, Marine and Food

Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta

8:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 491: To ask the Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an mbeidh an scéim um roghanna comhshaoil talmhaíochta oscailte in 2012 d'fheirmeoirí nua a d'fhág an scéim chosanta comhshaoil tuaithe in 2011 agus a bhfuil a gcuid talún i limistéar oidhreachta nádúrtha / limistéar caomhantais speisialta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13871/12]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

In ainneoin an brú airgeadais atá os comhair mo Roinn tá soláthar déanta agam in 2012 do €243 milliún faoi scéimeanna comhshaoil talmhaíochta. Táim i mbun breithniú a dhéanamh freisin ar an bhféidearthacht atá ann leis an AEOS (An Scéim um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta) a athoscailt ar bhonn leasaithe nó ar scála teoranta in 2012. Déanfar an cinneadh seo i gcomhthéacs uasteorainn caiteachais mo Roinne do 2013 mar atá aontaithe leis an Rialtas, agus go háirithe, ar an gcaoi ina ndéanfaí an scéim nua a mhaoiniú laistigh den mhaoiniú laghdaithe agus an brú ar an Vóta dá thoradh sin. Déanfaidh mé fógra faoin ábhar seo in am trátha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.