Written answers

Tuesday, 13 March 2012

Department of Environment, Community and Local Government

Clár Forbartha Áitiúil

8:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 340: To ask the Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén uair a dhéanfar íocaíocht leis na grúpaí ar fad ar ceadaíodh deontais dóibh ag MFG agus nár íocadh; an bhféadfadh sé na grúpaí i nGaillimh a bhfuil deontas ag dul dóibh a ainmniú; an méid atá ag dul chuig gach grúpa/duine; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13967/12]

Photo of Phil HoganPhil Hogan (Carlow-Kilkenny, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Chuaigh Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG), an grúpa atá conraithe ag mo Roinn chun seachadadh a dhéanamh ar Axes 3 & 4 ( LEADER) den Chlár Forbartha Tuaithe(CFT) sa Ghaeltacht, faoi leachtú ar an 7 Meán Fómhair, 2011. Tá dul chun cinn á dhéanamh ó thaobh dlí de maidir le ''imeachtaí foirceanta'' agus tá na comhaid ábhartha tionscadail ar fad curtha ar aghaidh ag an leachtaitheoir agus tá siad ag mo Roinn faoi láthair. Tá mo Roinn ar an eolas maidir leis an leibhéal maoinithe atá geallta ag na staideanna difriúla le linn shaolré na dtionscadal ach caithfear méid áirithe seiceála a dhéanamh ó thaobh riaracháin agus airgeadais de sula mbeifear in ann uimhir agus méid na n-íocaíochtaí a chinntiú. Dá bhrí seo, ní féidir a bheith cinnte ag an am seo faoi na híocaíochtaí atá ag dul do thionscnóirí I gCo. na Gaillimhe ná in aon Ghaeltacht eile.

Tá dul chun cinn suntasach déanta agus rinneadh teagbháil le tionscnóirí, a raibh conarthaí iomlán comhlánaithe acu, i gcaitheamh na seachtaine dar críoch 2 Márta, 2012, chun an t-eolas i dtaobh a dtionscadal féin a dheimhniú ionas go mbeifear in ann na híocaíochtaí atá ag dul dóibh a íoc. Chomh luath agus a bheidh an próiseas seo thart beidh na Comhlachtaí Forbartha Áitiúla atá ag feidhmiú in aice leis na ceantair Ghaeltachta ag déileáil idir an dá linn leis na híocaíochtaí sa ghearrthéarma.

Maidir le seachadadh Axes 3 & 4 (LEADER) de chuid Chlár Forbartha Tuaithe sa Ghaeltacht san fhadtéarma, tá tús curtha ag mo Roinn le próiséas chun léirithe spéise a iarraidh ar Chomhlachtaí Forbartha Áitiúla atá ann cheana maidir le gnéithe LEADER de chuid CFT sna ceantair ina raibh MFG ag feidhmiú a sheachadadh sa tréimhse atá fágtha den Chlár.

Cuireadh an t-iarratas chuig na Comhlachtaí Forbartha Áitiúla ar fad Dé Máirt, 6 Márta, 2012, agus is é 27 Márta, 2012, an dáta deiridh le glacadh le léiriú spéise.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.