Written answers
Tuesday, 6 March 2012
Department of Education and Skills
Rollú Scoile
8:00 pm
Robert Dowds (Dublin Mid West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 170: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil aon réamh-mheastachán déanta ag a Roinn ar an méid breitheanna a mheastar a bheidh ann sa todhchaí (go dtí 2025) agus cén éifeacht a bheidh leis na huimhreacha seo ar líon na bpáistí a bheidh ag freastal ar bhunscoileanna; agus má tá, an bhfuil sé sásta na réamh-mheastacháin sin a fhoilsiú go luath. [12382/12]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Tugann an nasc thíos le suíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna sonraí faoi réamh-mheastacháin de rollú lánaimseartha sna hinstitiúidí oideachais go léir a dtugann an Roinn seo cabhair dóibh ag an gCéad, an Dara agus ag an Tríú Leibhéal agus ag Leibhéal an Bhreisoideachais (san áireamh eolas faoi bhoinn tuisceana bunúsacha éagsúla maidir le déimeagrafaic agus coinneáil): http://www.education.ie/servlet/blobservlet/stat_proj_enrolments_2011.pdf
Tá réamh-mheastacháin rollaithe do na scoileanna go léir ag an mBunleibhéal le fáil i dtábla 1. Scaoilfear réamh-mheastacháin leasaithe i leith blianta níos deireanaí ar shuíomh gréasáin na Roinne a luaithe is a mbíonn siad le fáil.
Robert Dowds (Dublin Mid West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 171: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna Oideachais agus Scileanna cé mhéad páistí nua a thosaigh i mbunscoileanna tar éis inimirce ó thíortha eile sna blianta 2005, 2006, 2007, 2008, 2009, 2010 agus 2011. [12383/12]
Robert Dowds (Dublin Mid West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 172: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna cé mhéad páistí a d'fhág bunscoileanna ar eisimirce go tíortha eile sna blianta 2005, 2006, 2007, 2008, 2009, 2010 agus 2011. [12384/12]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Tógfaidh me Ceisteanna Uimh. 171 agus 172 le chéile.
Tá an teolas atá á lorg ar fáil ar an tábla ceangailte. Tá an eolais ar fáil freisin sa rannóg Staitisticí ar láithreán gréasáin mo Roinne.
2004/05 | 2005/06 | 2006/07 | 2007/08 | 2008/09 | 2009/10 | 2010/11 | |
Lucht fágála a chuaigh ar imirce idir 1 Deireadh Fómhair agus 30 Meán Fómhair den bhliain acadúil roimhe sin. | 2,133 | 2,050 | 2,260 | 2,657 | 3,280 | 3,474 | 3,414 |
Iontrálaithe ó scoileanna lasmuigh d'Éirinn (lena n-áirítear Thuaisceart Éireann)idir 1 Deireadh Fómhair agus 30 Meán Fómhair den bhliain acadúil roimhe sin. | 4,789 | 6,282 | 8,339 | 8,607 | 6,548 | 4,202 | 3,747 |
No comments