Written answers
Tuesday, 6 March 2012
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Acht na dTeangacha Oifigiúla
8:00 pm
Gerry Adams (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 94: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cathain a bheidh na haighneachtaí agus torthaí na suirbhéanna atá curtha faoi bhráid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ar fáil don phobal; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12559/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Mar chuid den athbhreithniú atá ar siúl ag mo Roinn ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, eagraíodh próiseas comhairliúcháin phoiblí inar tugadh deis do dhaoine a gcuid tuairimí faoin Acht a nochtadh trí shuirbhé agus/nó trí aighneacht a chomhlánú. Fuarthas timpeall 1,400 freagra ar an suirbhé agus 240 aighneacht de bharr an phróisis chomhairliúcháin sin. Tá anailís ar an ábhar seo ar siúl ag oifigigh mo Roinne faoi láthair. Tá súil agam go mbeidh sé ar chumas mo Roinne príomh-thorthaí an tsuirbhé ar sheirbhísí trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin mo Roinne i dtráth cuí, mar aon leis na haighneachtaí a fuarthas uathu siúd a chuir in iúl go raibh siad sásta go bhfoilseofaí iad.
No comments