Written answers
Tuesday, 6 March 2012
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Foras na Gaeilge
8:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 75: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén buiséad a bheidh ag Foras na Gaeilge sna blianta 2012, 2013 agus 2014. [12561/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, is gníomhaireacht é Foras na Gaeilge den chomhlacht forfheidhmithe Thuaidh Theas, An Foras Teanga. Dá réir sin, is tríd an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a shocraítear na buiséid bhliantúla don Fhoras Teanga.
Pléadh cúrsaí buiséid don bhliain 2012 don Fhoras Teanga ag cruinniú den Chomhairle Aireachta a tionóladh in Inis Ceithleann ar 14 Feabhra. Socraíodh go dtabharfar na pleananna gnó agus na buiséid don bhliain 2012 os comhair chruinniú den Chomhairle Aireachta lena bhfaomhadh, tar éis dóibh a bheith aontaithe idir na Ranna Urraíochta agus faofa ag na Ranna Airgeadais.
Dá réir sin, táthar ag leanúint de chúrsaí buiséid a phlé idir oifigigh mo Roinne agus oifigigh na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh, i gcomhthéacs na gcistí airgeadais atá ar fáil sa dá dhlínse. Ag brath ar an dul chun cinn a dhéanfar, tá súil agam go mbeifear in ann moltaí a chur os comhair an chéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas i bhformáid rannach an Fhorais Teanga, a bheidh ar siúl an samhradh seo.
No comments