Written answers

Wednesday, 22 February 2012

Department of Education and Skills

Réigiúin Ghaeltachta

8:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 122: To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil staidéar déanta aige nó ag an Roinn ar thionchar na gciorruithe sna scoileanna beaga ar phobail na Gaeltachta. [5189/12]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Rinneadh scoileanna i réigiúin Ghaeltachta a fheidhmiú riamh maidir leis an sceideal foirne mar a feidhmíodh gnáthscoileanna agus post teagaisc ranga a bhunú acu ag an mbunleibhéal. Bhí sceideal níos fabhraí i bhfeidhm i gcás scoileanna na Gaeltachta chun post a choinneáil idir na bandaí ceathrar agus dáréag oide ranga. An ghné bhuiséadach chun an lion daltaí a mhéadú maidir le post teagaisc ranga a fháil nó a choinneáil i mbunscoileanna beaga, déanann sí féachaint ar gach scoil go cothrom beag beann ar an áit ina mbeidh siad lonnaithe.

Ag an am seo ina bhfuil ardbhrú ar an airgead poibhlí, ní mór dúinn a dheimhniú go ndéanfar na hacmhainni fíorluachmhara a bheid ar fáil don chóras oideachais a fheidhmiú sa mhodh is fearr. Fiú nuair a dhéanfar gach ceann de na méadaithe céimnithe a fheidhmiú, beidh an tairseach le haghaidh scoileanna beaga níos lú go suntasach ná an t-íosmhéid de 28 dalta, an líon a bhi ag teastáil chun an dara oide a cheapadh i scoileanna roimh lár na mblianta 1990.

Tá na heagair foirne nua don scoilbhliain 2012/13 ar fáil anois ar láithreán gréasáin na Roinne. Cuimsíonn siad mionsonraí an phróisis um achomhairc foirne mar aon leis na critéir achomhairc do na scoileanna beaga sin a bhfuil clárú méadaithe á réamh-mheas acu a bheadh leor dóthain chun a cheadú dóibh a gcuid post ranga, atá acu faoi láthair, a choinneáil thar thréimhse níos mó.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 123: To ask the Minister for Education and Skills an féidir leis soiléiriú a thabhairt ar thodhchaí COGG maidir le maoiniú, acmhainní agus foirne de. [5185/12]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Bhunaigh mo Roinnse An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta i 2002 chun comhairle agus taighde a chur ar fáil agus chun gabháil leis an dtaighde i dtaca le nithe a bhaineann le múineadh na Gaeilge, chun comhordú a dhéanamh ar sholáthar téacsanna agus acmhainní d'oideachas trí Ghaeilge, agus chun seirbhísí tacaíochta a sholáthar do scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Timpeall ar €1.75m atá mar bhuiséad ag an gComhairle do 2012.

Mhol an Grúpa Speisialta ar Uimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais go ndíscaoilfí An Chomhairle agus coigilt de €1.2m (a buiséad iomlán ag an am) a dhéanamh. Chuir mo Roinnse in iúl sa bhfreagra uaithi don Roinn Airgeadais gurb amhlaidh, bíodh is go bhféadfaí an eagraíocht a dhíscaoileadh nó a chónascadh le haonán a bhí ann cheana, go raibh sé riachtanach go leanfaí lena feidhmeanna lárnacha, go háirithe chun dul i ngleic leis an nganntanas téacsanna agus acmhainní do Ghaelscoileanna. Bhí sé riachtanach chomh maith go gcoimeádfaí baill foirne chun na feidhmeanna seo a chur i gcrích, rud a bhainfeadh de na coigiltí a dhéanfaí dá gcuirfí deireadh leis an gComhairle. Is í An Chomhairle an t-aon chomhlacht Gaeilge a mhaoiníonn an Roinn agus is í an phríomh-ghníomhaireacht (mar aon le seirbhísí tacaíochta curaclaim) trína gcuirfí ar fáil an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Dá mba rud é go gcomhchuimseofaí i ngníomhaireacht eile í, chaithfí glacadh le feidhm an-mhór idirchaidrimh le raon leathan comhlachtaí a chuireann An Chomhairle i gcrích faoi láthair. Chuir an Tánaiste a bhí ann an uair sin in iúl i mí Iúil 2010 nach rachfaí ar aghaidh le díscaoileadh na Comhairle, agus rinneadh téarma oifige na Comhairle a athnuachan do thréimhse eile go dtí Samhain 2014.

Tá an Rialtas tiomanta do thacú leis an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus do na haidhmeanna agus na spriocanna indéanta atá beartaithe a bhaint amach agus admhaíonn sé go bhfuil ról lárnach ag an gComhairle san obair seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.