Written answers

Tuesday, 21 February 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

An Fhoireann Rannach

9:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 404: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ós rud é gur eagraíocht é Foras na Gaeilge atá freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh /Theas (CATT), do na Ranna atá faoi cheannas an Aire Jimmy Deenihan agus an Aire Carál Ní Chuilin go háirithe, agus gur eagraíocht uile-oileáin é, agus réimse leathan cúraimí air, ach é freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn go sonrach, rud a chiallaíonn gur eagraíocht é atá ag plé le cúraimí a thagann faoi scáth na pleanála teanga, cén fáth, mar sin, nach bhfuil oiread is duine amháin atá cáilithe sa Phleanáil Teanga fostaithe ag Foras na Gaeilge; cé go bhfuil cáilíocht pleanála teanga ag leibhéal máistreachta ar fáil ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le thart ar cúig bliana anuas, tráth a bhfuil go leor fostaíochta curtha ar fáil ag an eagraíocht. [9643/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Dírím aird an Teachta ar mo fhreagra ar Cheist Dála Uimh. 111 ar 1 Feabhra 2012.

Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, gur ceist í d'Fhoras na Gaeilge sa chéad áit cinntí a dhéanamh faoi na cáilíochtaí a mheastar a bheadh riachtanach d'aon phost san áisíneacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.