Written answers

Thursday, 16 February 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Reachtaíocht Molta

4:00 pm

Photo of Robert DowdsRobert Dowds (Dublin Mid West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 141: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cathain a bheidh an Bille nua Gaeltachta foilsithe agus cén tionchar a bheidh ag an mBille seo ar cheantair taobh amuigh den Ghaeltacht ina bhfuil líon mór Gaeilgeoirí; agus cén cineál deise a bheidh acu chun aitheantas oifigiúil a bhaint amach gur cheantair láidre Ghaeilge atá iontu. [8875/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ar an 7 Feabhra 2012, thóg an Rialtas cinneadh an Bille Gaeltachta 2012 a dhréachtú mar thosaíocht. Tá dhá phríomh-aidhm leis an mBille seo - sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar ról agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Foilseofar an Bille chomh luath agus is féidir. Tá sé i gceist faoin reachtaíocht seo go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo. Beidh an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht agus beidh deis ag ceantair lasmuigh de na ceantair thraidisiúnta Ghaeltachta aitheantas reachtúil Gaeltachta a bhaint amach, faoi réir critéir áirithe a bheith comhlíonta acu. Déanfar na critéir seo a leagan síos in orduithe ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.