Written answers
Tuesday, 7 February 2012
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Forbairt Labhairt na Gaeilge
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 294: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén costas ina iomláine - briste síos de réir bliana agus costas ama foirne, agus duaiseanna, dearadh ábhair, taisteal, caidreamh poiblí seachtrach, grianghrafadóir, fáiltiú, srl. san áireamh - a caitheadh ar an gcomórtas GLEO de chuid Fhoras na Gaeilge ó cuireadh ar bun é; cé mhéad scoil agus dalta a ghlac páirt ann de réir gach bliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6509/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Bhunaigh Foras na Gaeilge an scéim GLEO (Gaeilge Labhartha san Earnáil Oideachais) don scoilbhliain 2006/2007 chun aitheantas a thabhairt do shár-chleachtas i leith chur chun cinn na Gaeilge labhartha i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna ar oileán na hÉireann ina mhúintear trí mheán an Bhéarla. Leasaíodh an scéim ina dhiaidh sin chun aitheantas a thabhairt do scoileanna, seachas do mhúinteoirí. Ós rud é go dtugtar aitheantas faoin scéim do scoileanna, ní áirítear líon na ndaltaí sna scoileanna sin faoin scéim.
Tá príomhshonraí na scéime maidir le hollchostais agus rannpháirtithe tugtha sa dá thábla thíos. Ní mór dom a mhíniú don Teachta go dtógfadh sé an iomarca ama agus ionchur foirne chun an t-eolas ar fad atá iarrtha a chur le chéile. Táthar den tuairim nach mbeadh an obair sin ar chóimhéid leis na hacmhainní atá ar fáil. Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go ndearnadh athbhreithniú ar an scéim GLEO anuraidh agus, mar thoradh air sin, go mbeidh athruithe áirithe á ndéanamh ar an scéim sula bhfógrófar arís í.
Tábla 1: Costais de réir bliana
GLEO | 2006 | 2007 | 2008 | 2009 | 2010 | 2011 |
Costais tionscadail | €16,186.11 | €75,678.80 | €69,055.78 | €106,232.38 | €60,125.01 | €56,644.89 |
Áiseanna | - | €50,826.05 | - | €34,566.75 | €14,977.38 | - |
Ollchaiteachas | €16,186.11 | €126,504.85 | €69,055.78 | €140,799.13 | €75,102.39 | €56,644.89 |
Tábla 2: Líon na scoileanna agus na mbuaiteoirí
Scoilbhliain | 2007/2008 | 2008/2009 | 2009/2010 | 2010/2011 |
Líon scoileanna | 49 | 44 | 40 | 54 |
Líon buaiteoirí | 21 | 16 | 12 | 17 |
No comments