Written answers
Tuesday, 31 January 2012
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Comharchumainn Gaeltachta
9:00 pm
Mary Lou McDonald (Dublin Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 82: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an féidir leis soiléiriú a thabhairt maidir leis an maoiniú a bheidh ar fáil do na Comharchumainn Gaeltachta agus d'Ealaín na Gaeltachta i mbliana agus cén ciste as a dtiocfaidh sé sin. [5179/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Is é €3 mhilliún an tsuim atá ar fáil d'Údarás na Gaeltachta in 2012 dá Chiste Reatha/Forbairt. Déantar maoiniú as an gCiste sin ar dheontais reáchtála do chomharchumainn agus do chomhlachtaí pobal-bhunaithe, chomh maith le gnóthaí eile, lena n-áirítear gnóthaí pobail, teanga, cultúir, ealaíon, óige agus luath-oideachais. Tuigim ón Údarás nach bhfuil na sonraí iomlána maidir le dáileadh an Chiste seo socraithe go fóill.
No comments