Written answers

Tuesday, 31 January 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Costais Riaracháin

9:00 pm

Photo of Brendan SmithBrendan Smith (Cavan-Monaghan, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 57: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad a íocann Foras na Gaeilge ar chostais riaracháin, cíos san áireamh, in aghaidh na bliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5264/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar áisíneacht den Fhoras Teanga, déantar Foras na Gaeilge a mhaoiniúó mo Roinnse agus ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh, i gcomhréir le buiséid atá ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go raibh costais riaracháin measta de €5.49m i gceist don bhliain 2011. Ba chóir a mhíniú go gclúdaíonn na costais riaracháin sin réimse leathan caiteachais mar a bhaineann le pá agus cúrsaí foirne, riarachán ginearálta, cíos oifige, árachas, iniúchóireacht agus nithe gaolmhara eile.

Is foireann de 60 duine a bhí fostaithe ag Foras na Gaeilge ar 31 Nollaig 2011, ina measc naonúr a bhí fostaithe ar bhonn conartha ag plé leis an mórfhoclóir nua Béarla-Gaeilge. Tá foireann an Fhorais lonnaithe i gcúig oifig, lena n-áirítear dhá oifig i mBaile Átha Cliath agus oifigí eile i Ráth Chairn, Gaoth Dobhair agus Béal Feirste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.