Written answers
Tuesday, 31 January 2012
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Údarás na Gaeltachta
9:00 pm
Michael McGrath (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 52: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na hathruithe atá i gceist aige d'Údarás na Gaeltachta; an bhfuil níos lú béime anois ar chúrsaí gnó; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5254/12]
Pádraig Mac Lochlainn (Donegal North East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 60: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta céard iad na spriocanna fostaíochta atá ag Údarás na Gaeltachta i mbliana; agus cé na hearnálacha ina bhfuil siad sin. [5178/12]
Pearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 75: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cathain a bheidh toghcháin Údarás na Gaeltachta ar siúl; agus cén próiseas toghcháin atá ar intinn aige. [5177/12]
Jonathan O'Brien (Cork North Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 77: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an féidir leis a insint dúinn cén uair a líonfar na folúntais in Údarás na Gaeltachta don Phríomhfheidhmeannach agus do na bainisteoirí réigiúnacha. [5188/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
I propose to take Questions Nos. 52, 60, 75 and 77 together.
Ar 31 Bealtaine 2011, thóg an Rialtas na cinntí polasaí seo a leanas maidir le hÚdarás na Gaeltachta:
- go mairfidh an status quo maidir le feidhmeanna reatha an Údaráis go ginearálta, a chuid feidhmeanna fiontraíochta san áireamh;
- go mbeidh an fhreagracht maidir le forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge laistigh den Ghaeltacht ar an Údarás; agus
- go ndéanfar foráil faoin mBille Gaeltachta atá beartaithe chun bord an Údaráis a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin do bhord an Údaráis.
Tá na dréacht-Chinn don Bhille Gaeltachta, a thabharfaidh feidhm do na cinntí seo de réir mar is cuí, dréachtaithe ag mo Roinn agus tá súil agam go gcuirfear faoi bhráid an Rialtais iad go han-luath agus go bhfoilseofar an Bille níos déanaí i mbliana.
D'fhógair an tÚdarás, ina ráiteas deireadh bliana ar 23 Eanáir 2012, go bhfuiltear ag súil, leis na hacmhainní atá ar fáil dó, go gceadófar tograí nua i rith na bliana a chruthóidh thart ar 700 post nua. Beidh straitéis fiontraíochta an Údaráis le linn 2012 dírithe ar thacaíocht a sholáthar dá chomhlachtaí reatha, infheistíocht bhreise a lorg ó chliant-chomhlachtaí nua agus reatha, agus tacú le fiontair atá bunaithe ar acmhainní nádúrtha sna hearnálacha uisce-shaothraithe, turasóireachta agus foraoiseachta. Cuirfear béim ar leith ar an bhfostaíocht a cailleadh i gceantair áirithe le roinnt blianta anuas a athchur agus ar an líon fostaíochta sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais chuig leibhéil a bhí ann roimhe seo.
Maidir le post phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, tá cead tugtha agam don Údarás le cúpla lá anuas an post sin a líonadh i gcáil bhuan. Maidir le poist na mBainisteoirí Réigiúnacha, is ceist don Údarás féin a chuid foirne a bhainistiú faoi réir na dtreoirlínte atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
No comments