Written answers
Tuesday, 24 January 2012
Department of Environment, Community and Local Government
Rialacháin Foirgníochta
9:00 pm
Robert Dowds (Dublin Mid West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 420: To ask the Aire Pobail agus Rialtais Áitiúil an dtabharfaidh sé figiúirí i dtaobh líon na mbloc árasán cónaitheach a tógadh i ngach limistéar údaráis áitiúil ó 2000, cé mhéad acu a ndearna oifigigh ón mbriogáid dóiteáin iniúchadh orthu lena chinntiú gur chloígh siad le deimhnithe sábháilteachta dóiteáin agus cé mhéad acu a fuair fógra sábháilteachta dóiteáin ó údaráis áitiúla agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [3322/12]
Phil Hogan (Carlow-Kilkenny, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Níl an t-eolas faoi na h-uimhreacha árasáin críochnaithe i ngach limistéar údaráis áitiúil ó 2000 ar fáil i mo Roinn. Cláraíonn agus foilsíonn mo Roinn staidrimh ar chríochnú tithe gach bhliain a mhionsonraítear de réir údaráis áitiúil agus de réir cineáil tithíochta, lena n-áirítear árasáin. I gcás forbairtí árasáin, áfach, is é an uimhir aonad tithíochta a chláraítear, in ionad na bloic árasáin.
Forálann Cuid III de na Rialacháin um Rialú Foirgníochta 1997 do eisiúint Deimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán (DSD) ag údarás rialiú foirgníochta. Deimhneoidh an DSD go bhfuil na noibreacha, nó na foirgnimh, má tógadh iad de réir na pleananna, na doiciméid agus eolas a chuirtear isteach, na riachtana Páirt B (Sábháilteachta ó Dhóiteán) de na Rialacháin á chomhlíonú. Caithfear DSD a fháil le haghaidh catagóirí éagsúla foirgnimh agus oibreacha a shonraítear sna Rialacháin, lena n-áirítear tógáil nó athrú ábhartha ar áitribh thráchtála, ionaid oibre agus cóimeála, foirgnimh institiúideach agus na limistéir chomhchoiteanna de bhloic árasáin. Cé go bhfuil staidrimh ag mo Roinn le haghaidh deimhnithe sábháilteachta dóiteáin agus ar scrúdaithe déanta ag oifigiigh dóiteáin, níl aon idirdhealú ann idir na catagóirí éagsúla d'fhoirgnimh i gceist.
Leagann freagrach ar aontú leis na Rialacháin Foirgníochta agus na Rialacháin um Rialú Foirgníochta ar an dearthóir, tógálaí, agus úinéir an fhoirgnimh. Leagann freagrach na Rialacháin a chur i bhfeidhm ar na h-údaráis áitiúil um rialú tógála.
No comments