Written answers

Thursday, 19 January 2012

Department of Education and Skills

Scéimeanna Scoláireachta don Ardoideachas

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 103: To ask the Áire Oideachais agus Scileanna an bhfuil aon athrú déanta nó an bhfuil aon athrú beartaithe do na scéimeanna scoláireachta tríú leibhéal 1916, Gaeilge agus Gaeltachta agus aon scéim scoláireachta tríú leibhéal eile de chuid na Roinne; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3230/12]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Mar a d'fhógair mé faoi Bhuiséad 2012, tá sé i gceist scéim aonair nua, stíl sparántachta agus bunaithe ar fhiúntas, a chur in ionad na cúig scéim scoláireachta don Ardoideachas atá ann cheana féin, lena n-áirítear Scoláireacht Sheachtain na Cásca 1916 agus na trí Scoláireacht Gaeilge. Beidh na dámhachtainí faoin scéim nua socraithe ag €2,000 an mac léinn. Beidh an sparántacht mar thacaíocht bhreise mar spreagadh agus chun ard-ghnóthachtáil a aithint do mhic léinn ó scoileanna DEIS. Beidh na micléinn sin a mbronntar na dámhachtainí orthu i dteideal freisin iarratas a dhéanamh ar dheontais ard-oideachais. Tá an t-athrú seo déanta agam d'fhonn an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní gann chun díriú ar na mic léinn is fearr feidhmithe sa chóhort dóibh siúd is mó a bhfuil cúnamh airgeadais ag teastáil uathu.

Ní bheidh aon éifeacht ag na hathruithe seo orthu siúd a bhfuil scoláireachtaí acu cheana féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.