Written answers
Wednesday, 18 January 2012
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Údarás na Gaeltachta
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 132: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair dheireanach a bhí toghcháin ann d'Údarás na Gaeltachta agus an dáta deiridh de réir na reachtaíochta gur féidir toghcháin an Údaráis a ghairm; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2812/12]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Reáchtáladh toghchán deiridh Údarás na Gaeltachta ar 2 Aibreán 2005. Faoi réir na reachtaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair, ní mór an chéad toghchán eile a reáchtáil roimh 1 Deireadh Fómhair 2012.
Ní miste dom a mheabhrú don Teachta, áfach, gur thóg an Rialtas cinntí sonracha polasaí ar 31 Bealtaine 2011 maidir le struchtúr agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta, lena n-áirítear cinntí chun bord an Údaráis a laghdú go substaintiúil agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin. Tá na dréacht-Chinn don Bhille Gaeltachta, a thabharfaidh feidhm do na cinntí seo, de réir mar is cuí, dréachtaithe ag mo Roinn agus tá sé beartaithe iad a chur faoi bhráid an Rialtais go luath.
No comments