Written answers

Wednesday, 18 January 2012

Department of Education and Skills

Scéimeanna Scoláireachta

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 82: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil aon athrú curtha i bhfeidhm nó le cur i bhfeidhm ar scéimeanna scoláireachta 1916, agus ar na scéimeanna scoláireachta tríú leibhéal Gaeilge agus Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2669/12]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Mar a d'fhógair mé faoi Bhuiséad 2012, tá sé i gceist scéim aonair nua, stíl sparántachta agus bunaithe ar fhiúntas, a chur in ionad na cúig scéim scoláireachta don Ardoideachas atá ann cheana féin, lena n-áirítear Scoláireacht Sheachtain na Cásca 1916 agus na trí Scoláireacht Gaeilge. Beidh na dámhachtainí faoin scéim nua socraithe ag €2,000 an mac léinn. Beidh an sparántacht mar thacaíocht bhreise mar spreagadh agus chun ard-ghnóthachtáil a aithint do mhic léinn ó scoileanna DEIS. Beidh na mic léinn sin a mbronntar na dámhachtainí orthu i dteideal freisin iarratas a dhéanamh ar dheontais ard-oideachais.

Tá an t-athrú seo déanta agam d'fhonn an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní gann chun díriú ar na mic léinn is fearr feidhmithe sa chóhort dóibh siúd is mó a bhfuil cúnamh airgeadais ag teastáil uathu. Ní bheidh aon éifeacht ag na hathruithe seo orthu siúd a bhfuil scoláireachtaí acu cheana féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.