Written answers
Wednesday, 11 January 2012
Department of Environment, Community and Local Government
Meitheal Forbartha na Gaeltachta
8:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 572: To ask the Minister for the Environment, Community and Local Government cén uair a dhéanfar íocaíocht le daoine agus grúpaí atá ag fanacht ar íocaíochtaí de bharr leachtú MFG; cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an gceist; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1313/12]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 573: To ask the Minister for the Environment, Community and Local Government cén uair a bheidh socrú déanta maidir le clár Leader a sholáthar sna ceantair a mbíodh MFG ag feidhmiú iontu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1314/12]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 574: To ask the Minister for the Environment, Community and Local Government an ndéanfar an riachtanas atá ann seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge a chur san áireamh nuair a bheidh socruithe á ndéanamh clár LEADER a sholáthar sna ceantair a mbíodh MFG ag feidhmiú iontu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1315/12]
Phil Hogan (Carlow-Kilkenny, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Tá sé i gceist agam ceisteanna 572, 573 and 574 a thógall le chéile.
Tagraím don fhreagra ar cheisteanna 362 agus 391 ar an 29ú Samhain 2011
Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh; tá gach comhad tionscnaimh CFT(LEADER) scaoilte ag an leachtaitheoir agus tá said anois ag oifigigh mo Roinn. Déanfar teagmháil le gach tionscnóir atá ag obair faoin scéim go luath. Bhí díospóireachtaí maidir leis an CFT ag oifigigh mo Roinn leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus tá said ag obair leo chun cinntiú go bhfuil aon réiteach ar an gceist comhlíontach leis na rialacháin cuí.
Tá sé ar intinn agam teacht ar réiteach a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil agus a gcuirfear i bhfeidhm ag an deis féideartha is luaithe.Tá sé ar intinn agam freisin na staicsealbhóirí ábhartha a chur ar an eolas chomh luath is a chinntear ar réiteach oiríunach. Ba mhaith liom freisin an teachta a chur ar a shuaimhneas go mbeidh aon réiteach a chinntear comhlióntach le chuile riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
No comments