Written answers

Wednesday, 11 January 2012

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Seirbhís Farantóireachta

8:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 480: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta céard iad ainmneacha na gcomhaltaí atá ar an gCoiste Monatóireachta do sheirbhísí farantóireachta Oileán Árann; cén dáta i Mí na Nollag a raibh cruinniú den Choiste ann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [41409/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Is iad bainisteoirí na gcomharchumann atá ag feidhmiú ar na hoileáin atá ar an gcoiste monatóireachta seo. Mar is eol don Teachta, níl aon chomharchumann ag feidhmiú ar Inis Meáin i láthair na huaire ach, ar ndóigh, is féidir le pobal an oileáin sin ionadaí eile a mholadh don choiste. Ní raibh aon chruinniú ag an gcoiste monatóireachta seo le mo Roinnse i rith mí na Nollag 2011.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.