Written answers
Tuesday, 13 December 2011
Department of Public Expenditure and Reform
Caiteachas Rannach
10:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 182: To ask the Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an mbeidh cead ag Airí soláthar caipitil nach bhfuil caite i mbliana a thabhairt ar aghaidh go dtí an bhliain seo chugainn; agus má bhíonn, cén soláthar atá ceadaithe do gach Roinn a thabhairt ar aghaidh go dtí an bhliain 2012, na cúiseanna nár caitheadh an soláthar i mbliana i ngach cás; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39922/11]
Brian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Sna meastacháin a d'fhoilsigh mo Roinn Dé Luain an cúigiú lá den mhí, tá sonraí de na leithdháiltí caipitil ar aontaigh mé go bhféadfaí iad a thabhairt ar aghaidh go dtí an bhliain seo chugainn – féach an Tábla thíos. Cumadh an córas ilbhliantúil agus an áis um airgead a thabhairt ar aghaidh d'fhonn éifeachtúlacht agus éifeacht Ranna agus gníomhaireachtaí a fheabhsúi maidir le cláir agus tionscadail chaipitiúla a bhainistiú. Laistigh den chóras sin, tá Ranna aonair freagrach as na tionscadail agus na cláir ina réimsí féin. Is féidir breis sonraí i dtaobh an chaiteachais ar thionscadail agus chláir a fháil go díreach ó na Ranna ábhartha.
Roinn/Oifig | Méid | Cuspóir |
Talmhaíocht | €26.9m | Talmh-bhia, geilleagar tuaithe |
Cumarsáid | €15.8m | Aisoiriúnú |
Cosaint | €0.5m | Foirgnimh |
Comhshaol | €34m | Clár LEADER. |
Poist/Fiontar/Nuálaíocht | €18.1m | Deontais EI, STI, micrea- airgeadas |
Dlí & Ceart agus Comhionannas | €0.46m | Saotharlann na hEolaíochta Fóiréinsí |
Gnóthaí Eachtracha | €0.37m | |
Sláinte | €1.5m | Foirgnimh & Trealamh |
Oifig na nOibreacha Poiblí | €8m | Bainistíocht Eastát |
Coimirce Shóisialach | €0.8m | ICT & r-rialtas- |
Iompar | €8.7m | Taisteal Cliste, deontais spóirt |
IOMLÁN | €115.16m |
No comments