Written answers

Tuesday, 29 November 2011

Department of Environment, Community and Local Government

Cláir Forbartha Pobail

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 362: To ask the Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén uair a íocfar airgead a bhí ceadaithe le hiarratasóirí faoi scéim Leader a raibh a ndeontais ceadaithe dóibh sul má rinneadh cinneadh MFG a leachtu agus a bhfuil an obair a bhí ceadaithe críochnaithe anois acu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37343/11]

Photo of Robert TroyRobert Troy (Longford-Westmeath, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 391: To ask the Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén uair a chuirfear Comhlacht Paírtíochta Leader ar bun; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36614/11]

Photo of Phil HoganPhil Hogan (Carlow-Kilkenny, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

I gceist agam a ghlacadh Ceisteanna Uimhir 362 agus 391 le chéile.

Bhí MFG conraithe le mo Roinn le seachadadh a dhéanamh ar dhá chlár sa Ghaeltacht, An Clár Forbartha Tuaithe, áiseanna 3 agus 4 agus an Chlár Forbartha Pobail agus Áitiúil. Rinne MFG riarachán ar chláranna eile ar son Roinne Stáit eile freisin.

Tuigim na deacrachtaí a chruthaigh díscaoileadh an chomhlacht le déanaí do thionscnóirí i gceantracha Gaeltachta agus tá me báthúil dóibh ach is é freagaireacht mo Roinn cinntiú go gcaomhnóidh aon réiteach ar an gceist seo seachadadh éifeachtach ar na seirbhisí a bhí á chur ar fáil ag MFG i gceantracha Gaeltachta. Caithfidh réitigh féideartha freisin cluí leis na rialacháin agus creataí náisiúnta agus AE cuí.

Tá ceisteanna casta dlí agus conartha le réiteach maidir le MFG agus tá mo Roinn ag obair faoi láthair ar réiteacha gearrtéarmacha agus fadtéarmacha le cinntiú go leantar le seachadadh an Clár Forbartha Tuaithe agus ar chláranna eile i gceantracha Gaeltachta, ceantracha Gaeltachta Contae Mhaigh Eo san áireamh. Is é an aidhm atá agam ná teacht ar réiteach éifeachtach agus éifeachtúil a chuirfear i bhfeidhm ag an deis féideartha is luaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.