Written answers

Thursday, 24 November 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Seirbhísí Farantóireachta agus Lastais

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 137: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair dheiridh a bhí cruinniú den Choiste Monatóireachta do na Seirbhísí Farantóireachta chuig Oileáin Árann ann; cén uair a bheidh an chéad chruinniú eile den choiste ann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36778/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Bíonn cruinnithe rialta idir oifigigh mo Roinnse agus ionadaithe ó na hOileáin Árann maidir le cúrsaí farantóireachta agus lastais. Bhí an cruinniú is deireanaí ann ar 19 Bealtaine 2011. Táthar ag súil go mbeidh an chéad chruinniú eile ann i mí na Nollag.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 138: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé na comhráití a bhí ag a Roinn le solathróir na seirbhíse lastais go hInis Meáin maidir leis na cúiseanna nach bhfuil sé ag baint úsáid as Céibh an Chalaidh Mhóir ar an oileán; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36779/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Bíonn cumarsáid rialta idir oifigigh mo Roinnse, pobal Inis Meáin agus soláthraí na seirbhíse lastais sa chás seo chun teacht ar shocrú maidir le fadhbanna a thagann aníos ó am go ham. Mar a thuigfidh an Teachta, caithfidh an soláthraí tosaíocht a thabhairt do cheisteanna sábháilteachta i gcónaí. Sa chomhthéacs sin, athraíonn na cúinsí ó am go chéile ag brath ar an aimsir agus ar an mbád atá in úsáid ag soláthraí na seirbhíse lastais. Ciallaíonn na cúinsí athraitheacha seo nach féidir aon ché ar leith ar an oileán a úsáid de shíor. Ar ndóigh, tá oifigigh mo Roinnse agus an soláthraí lastais ar fáil i gcónaí le deacrachtaí a phlé, más ann dóibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.