Written answers

Thursday, 24 November 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Tionscal na Feamainne

5:00 pm

Photo of Seán CroweSeán Crowe (Dublin South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 45: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an féidir leis ráiteas a dhéanamh ar thodhchaí Aramara Teoranta agus ar fhorbairt thionscal na feamainne. [36566/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Is comhlacht é Arramara Teo atá faoi lán-úinéireacht Údarás na Gaeltachta ó mhí Dheireadh Fómhair 2006, nuair a díoladh scairshealbhaíocht an Stáit sa chomhlacht leis an Údarás ar luach ainmniúil.

Tuigtear dom ón Údarás go bhfuil saineolas, scil, taighde, acmhainní agus infheistíocht ag teastáil chun Arramara Teo a fhorbairt tuilleadh agus chun todhchaí an chomhlachta a chinntiú. Mar gheall ar sin, chinn an tÚdarás páirtnéir straitéiseach a lorg d'Arramara Teo, a mbeadh sé d'acmhainn aige na riachtanais sin a shásamh. Ceapadh na comhairleoirí airgeadais Farrell Grant Sparks le bainistiú a dhéanamh ar an bpróiseas seo i gcomhar leis an Údarás. Tá an próiseas fós ar siúl agus tuigtear dom go bhfuil spéis léirithe ag comhlachtaíÉireannacha agus idirnáisiúnta ann.

Tá sé mar bhunriachtanas den phróiseas go mbeidh saineolas, acmhainní gnó agus cumas infheistíochta ag aon pháirtí a roghnófar ionas go mbeidh na gnéithe sin mar bhunchloch forbartha d'Arramara Teo. Treiseoidh an cur chuige seo cumas Arramara Teo chun táirgí breisluacha a fhorbairt a thacóidh le hinmharthanacht an chomhlachta agus na hearnála próiseála feamainne. Tuigtear dom fosta ón Údarás go bhfuiltear ag súil moladh faoin bpáirtnéir straitéiseach a chur faoi bhráid bhord an Údaráis go luath. Tá mé dóchasach go rachaidh an próiseas seo chun leasa an Arramara Teo, a chuid fostaithe, lucht bainte feamainne agus na hearnála próiseála feamainne i gcoitinne. Aithníonn an tÚdarás an poitéinseal fáis agus forbartha atá ag an earnáil seo. Is chuige sin atáthar ag lorg páirtnéara a bheidh in ann breisluach a chur le táirgí Arramara Teo agus bonn láidir a chur faoin bhfostaíocht san earnáil thábhachtach seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.