Written answers
Thursday, 24 November 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Stratéis Teanga
5:00 pm
Dessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 42: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cathain a fhoilseofar plean forfheidhmithe trí bliana an Aonaid Straitéise; agus cén dul chun cinn atá déanta ag an Aonad go dtí seo. [36567/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Tá mionsonraí tugtha i bplean forfheidhmithe mo Roinne don bhliain 2011 faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge maidir leis na príomhghníomhaíochtaí a bhfuil mo Roinn ag díriú orthu i mbliana chun feidhm a thabhairt don Straitéis. Tá an plean forfheidhmithe don bhliain 2011 foilsithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne ag http://www.ahg.gov.ie/ie/Straiteis20BliaindonGhaeilge/FeidhmiunaStraiteise/. Tá dréachtphlean forfheidhmithe trí bliana don tréimhse 2012-2014 réitithe ag an Aonad Straitéise i mo Roinn. Ós rud é go bhfuil iliomad páirtithe leasmhara luaite faoin Straitéis, caithfidh mo Roinn dul i ndáil chomhairle leis na príomhpháirtithe leasmhara maidir leis an bplean seo sula bhfoilseofar é. Táthar ag súil go mbeidh an plean trí bliana foilsithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne sar i bhfad.
No comments