Written answers

Thursday, 24 November 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

An Teanga Gaeilge

5:00 pm

Photo of Maureen O'SullivanMaureen O'Sullivan (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context

Question 38: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén fáth go bhfuil dhá choiste curtha ar bun ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta - ardchoiste a bhfuil ballraíocht ó REOG agus an Roinn Oideachais agus Scileanna air, agus fochoiste a bhfuil ballraíocht ag an dá Roinn sin chomh maith le Foras na Gaeilge agus an Chomhairle um Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta (COGG) air - chun cúrsaí oideachais a phlé i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 nuair a leagadh amach go soiléir sa straitéis go mbeadh grúpa ardleibhéil amháin ann a mbeadh na ceithre páirtithe réamhluaite air, agus sa straitéis chéanna luaitear go mbeidh príomhról, ní ról tánaisteach, ag COGG i bhfeidhmiú na straitéise; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36434/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá trí ghrúpa oibre ardleibhéil bunaithe ag mo Roinn i gcomhar le comhlachtaí poiblí eile chun dlús a chur le feidhmiú réimsí gnímh éagsúla den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. I measc na ngrúpaí sin, tá grúpa oibre ardleibhéil bunaithe idir mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna chun tosaíochtaí a aithint maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise i réimse gnímh an oideachais, ag tógáil san áireamh na laincisí ar acmhainní i láthair na huaire.

Is féidir leis an ngrúpa ardleibhéil seo cuireadh a thabhairt do pháirtithe leasmhara cur i láthair a dhéanamh ag cruinnithe den ghrúpa oibre, de réir mar is cuí. Chomh maith leis sin, is féidir leis an ngrúpa ardleibhéil seo foghrúpaí a bhunú freisin, de réir mar is cuí ar bhonn ad hoc, chun déileáil le ceisteanna a bhaineann le réimsí sainiúla oideachais.

Tá sé ráite sa Straitéis 20 Bliain go mbunófar grúpa ardleibhéil chun déileáil leis an tsaincheist a bhaineann le riachtanais shainiúla scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna agus go mbeidh ionadaithe de chuid na bpáirtithe leasmhara ábhartha ar an ngrúpa ardleibhéil, lena n-áirítear an dá Roinn thuasluaite, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta. Cé go bhfuil sé beartaithe an grúpa seo a bhunú amach anseo, táthar ag díriú faoi láthair ar obair an ghrúpa ardleibhéil idir na Ranna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.