Written answers

Thursday, 24 November 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Caiteachas Rannach

5:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 35: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéid airgid atá le caitheamh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta roimh dheireadh na bliana ar an nGaeltacht agus cad iad na coistí nó cad iad na tograí atá ag fanacht leis an airgead. [36559/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Cuireadh soláthar airgid de €10.5m - idir reatha agus caipiteal - ar fáil do mo Roinn i mbliana chun freastal a dhéanamh ar an nGaeltacht. Ag an bpointe ama seo, tá an chuid is mo den soláthar sin caite. Ós rud é go bhfuil éilimh íocaíochta á bpróiseáil i rith an ama, ní bheidh soiléireacht ann faoin méid a bheidh caite i mbliana go dtí go ndúnfar cuntais mo Roinne don bhliain 2011. Ní heol dom go bhfuil aon ghrúpa ar leith ag fanacht ró-fhada ar airgead in aon chás ina bhfuil deontas ceadaithe agus na coinníollacha cuí comhlíonta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.