Written answers

Thursday, 24 November 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Foras na Gaeilge

5:00 pm

Photo of Mary Lou McDonaldMary Lou McDonald (Dublin Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 30: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén plean atá aige maidir le todhchaí na foilsitheoireachta i nGaeilge ach go háirithe forbairt Áis', aonad dáileacháin atá faoi scáth Fhoras na Gaeilge. [36561/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ar an gcéad dul síos, ní mór dom a mheabhrú don Teachta go bhfuil cúram maidir le foilsitheoireacht Ghaeilge, lena n-áirítear an tseirbhís dáileacháin leabhar Áis, ar Fhoras na Gaeilge, áisíneacht de chuid an Fhorais Teanga a thagann faoi scáth na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT).

Ag a cruinniú in Ard Mhacha ar 12 Deireadh Fómhair 2011, nótáil an CATT go bhfuil athbhreithniú ar Áis curtha i gcrích ag Foras na Gaeilge. D'iarr an CATT ar Fhoras na Gaeilge plean forfheidhmithe mionsonraithe, i ndáil leis na moltaí san athbhreithniú ar Áis, a aontú leis na Ranna Urraíochta, is iad sin mo Roinn agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh. D'iarr an CATT freisin go dtabharfaí tuarascáil ar an dul chun cinn ag an gcéad chruinniú rannach eile den Fhoras Teanga i mí Feabhra 2012. Tuigim ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil próiseas earcaíochta ar siúl i láthair na huaire chun dhá fholúntas foirne in Áis a líonadh.

Cé is moite de Áis, tagann An Gúm agus Clár na Leabhar Gaeilge faoi Fhoras na Gaeilge freisin. Tá An Gúm freagrach as áiseanna oideachais i nGaeilge a fhoilsiú agus tá Clár na Leabhar Gaeilge freagrach as scríbhneoireacht, foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a chothú. Tá tuilleadh eolais maidir le Áis, An Gúm agus Clár na Leabhar Gaeilge ar fáil ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge www.forasnagaeilge.ie.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.