Written answers
Thursday, 24 November 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
An Teanga Gaeilge
5:00 pm
Martin Ferris (Kerry North-West Limerick, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 22: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige an togra Líofa atá ag dul ó neart go neart sna sé chontae a lainseáil ar an taobh seo den teorainn. [36562/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Bhí an-áthas orm a bheith i láthair ag Stormont i mBéal Feirste ar 5 Meán Fómhair 2011 nuair a rinne an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín, "Líofa 2015" a sheoladh go hoifigiúil. Tréaslaím leis an Aire Ní Chuilín as an tionscnamh nuálach, samhlaíoch seo a bhfuil sé mar aidhm aige spreagadh a thabhairt do mhíle duine ó thuaidh a bheith líofa sa Ghaeilge faoin mbliain 2015.
Mar is eol don Teachta, tá spriocanna uaillmhianacha maidir le húsáid na Gaeilge sonraithe sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tá sé ráite i gClár an Rialtais 2011-2016 go dtabharfaidh an Rialtas tacaíocht don Straitéis 20 Bliain agus go ndéanfar na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh.
Ta mionsonraí tugtha i bplean forfheidhmithe mo Roinne faoin Straitéis don bhliain 2011 maidir leis na príomhghníomhaíochtaí a bhfuil mo Roinn ag díriú orthu i mbliana chun feidhm a thabhairt don Straitéis. Tá an plean seo foilsithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne ag: http://www.ahg.ttp://www.ahg.@gov.ie./ie/Straiteis20BliaindonGhaeilge/Feid.
No comments