Written answers

Thursday, 24 November 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Foras na Gaeilge

5:00 pm

Photo of Brian StanleyBrian Stanley (Laois-Offaly, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 17: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an raibh aon phlé ag an Aire leis an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas nó le Foras na Gaeilge roimh chinneadh a dhéanamh bac a chur ar an dara céim de dhílárú Fhoras na Gaeilge go Gaoth Dobhair, Contae Dhún na Gall. [36568/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Thóg an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas cinneadh i mí an Mhárta 2006 go ndéanfaí 30 post de chuid Foras na Gaeilge a lonnú i nGaoth Dobhair, Co Dhún na nGall. D'aontaigh an Chomhairle go raibh an cinneadh seo le cur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe. Is é an staid reatha maidir leis an gcinneadh seo ná go bhfuil 11 post de chuid Foras na Gaeilge lonnaithe i nGaoth Dobhair faoi láthair, is é sin 9 bpost buan (le folúntas amháin) agus 2 phost ar chonradh.

Mar chuid de phlean an Rialtais maidir le hathchóiriú na seirbhíse poiblí a fógraíodh ar 17 Samhain 2011, dúradh nach raibh i gceist dul ar aghaidh le clár díláraithe an Rialtais i gcás líon substaintiúil comhlachtaí poiblí. Luadh sa chomhthéacs sin céim II den dílárú i gcás Fhoras na Gaeilge go Gaoth Dobhair. Ar ndóigh, ós rud é gur áisíneacht de chuid an Fhorais Teanga Forfheidhmithe Thuaidh Theas é Foras na Gaeilge, tá sé intuigthe gur faoin gComhairle Aireachta Thuaidh Theas a bheidh sé cinneadh críochnúil a thógáil maidir leis seo. Pléadh an cheist seo ag cruinniú iomlánach den Chomhairle in Ard Mhacha ar 18 Samhain 2011 agus nótáladh go mbeadh plé faoi seo ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle sa bhformáid rannach teangacha. Dá réir sin, tá dréacht-pháipéar ar an ábhar seo á ullmhú faoi láthair le bheith réidh le dul faoi bhráid na Comhairle ag an gcéad chruinniú eile sa bhformáid sin i mí Feabhra 2012.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.