Written answers

Thursday, 24 November 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

An Teanga Gaeilge

5:00 pm

Photo of Maureen O'SullivanMaureen O'Sullivan (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context

Question 11: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé cinnte de go mbeidh leanúnachas i maoiniú na n-eagraíochtaí Gaeilge sa Samhail Nua Mhaoinithe atá curtha le chéile ag Foras na Gaeilge; agus an aontaíonn sé nach bhfuil aon chiall le scéimeanna trí bliana, mar atá molta ag Foras na Gaeilge faoi láthair sa Samhail Nua Mhaoinithe, scéimeanna a dhéanfaidh cinnte de nach mbeidh na heagraíochtaí Gaeilge in ann tabhairt faoin bpleanáil teanga ar bhonn fadtéarmach, comhtháite; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36433/11]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 23: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé soiléiriú go mbeidh na heagraíochtaí Gaeilge in ann, faoi aon samhail nua mhaoinithe a bheidh á cur i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge, leanúint leis na foirne reatha atá acu, in ionad scaoileadh le daoine trí iomarcaíocht agus iad a athfhostú ar théarmaí agus ar choinníollacha is lú fabhar ná mar atá acu faoi láthair. [36557/11]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 26: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé soiléiriú go bhfágfar faoi na heagraíochtaí Gaeilge a mbuiséad féin a riaradh faoi aon samhail nua mhaoinithe a bheidh á cur i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge, sa tslí go mbeidh na heagraíochtaí féin in ann a bheith iomlán freagrach as an bhfoireann a fhostaíonn siad agus as maoiniú na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis na spriocanna cuí a bhaint amach [36556/11]

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 36: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad fostaí atá ag Foras na Gaeilge i láthair na huaire, na folúntais a fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair 2011 san áireamh; cén líon daoine atá fostaithe sna heagrais Ghaeilge atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge don bhliain 2011; an féidir meastachán a thabhairt ar íocaíochtaí tuarastail d'fhoireann Fhoras na Gaeilge in 2011 agus in 2012; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36558/11]

Photo of Jimmy DeenihanJimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 11, 23, 26 agus 36 le chéile.

I dtús báire, ba mhaith liom a mheabhrú do na Teachtaí gurb í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas atá freagrach as cinntí straitéiseacha a thógáil maidir le Foras na Gaeilge, atá mar áisíneacht den Fhoras Teanga.

Ag an gcruinniú den Chomhairle ar 12 Deireadh Fómhair 2011, nótáil na hAirí an dul chun cinn atá déanta ag Foras na Gaeilge go dtí seo i ndáil le punann dréacht-scéimeanna a ullmhú don tsamhail mhaoinithe iomaíoch nua, a bhfuil sé mar sprioc aici tairbhí suntasacha luach ar airgead a bhaint amach agus dualgais reachtúla Fhoras na Gaeilge a chomhlíonadh go héifeachtach.

D'iarr an Chomhairle ar Fhoras na Gaeilge an méid seo a leanas a dhéanamh:

· tréimhse bhreise chomhairliúcháin 12 seachtain a reáchtáil i ndáil le punann na ndréacht-scéimeanna, go háirithe leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe;

· a chinntiú go dtabharfar deis do chomhlachtaí reachtúla bainteacha an tionchar a bheidh ag na dréacht-scéimeanna ar a réimsí feidhmiúcháin a bhreithniú;

· an punann dréacht-scéimeanna a leasú de réir mar is gá agus mar is cuí, ag féachaint don phróiseas comhairliúcháin leathnaithe;

· cás gnó mionsonraithe a ullmhú, le cúnamh neamhspleách más gá, chun tacú le punann na ndréacht-scéimeanna; agus

· plean tionscadail athbhreithnithe a ullmhú, i gcomhar leis na Ranna Urraíochta, a thabharfaidh aird mar is cuí ar chur i gcrích an phróisis athbhreithnithe mar bheart práinne.

D'iarr na hAirí go bhfaigheadh siad tuarascáil eile ar an dul chun cinn ag an gcéad chruinniú rannach eile den Chomhairle san fhormáid teanga, a bheidh ar siúl i mí Feabhra 2012.

Ag eascairt ó na cinntí sin, tá céimeanna sa treis ag Foras na Gaeilge, i gcomhairle leis na Ranna Urraíochta, chun próiseas comhairliúcháin úr a reáchtáil. Ar an ábhar sin, tuigfidh na Teachtaí nach mbeadh sé cuí domsa aon bhreithiúnas sonrach a thabhairt ag an bpointe seo maidir leis an tsamhail mhaoinithe iomaíoch nua.

De réir an eolais atá curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge, tuigtear dom go bhfuil 82 duine fostaithe ag na heagraíochtaí bunmhaoinithe. Is iad na heagraíochtaí bunmhaoinithe féin atá freagrach as pá agus coinníollacha eile fostaíochta a bhfostaithe.

Tuigtear dom fosta go bhfuil 60 duine san iomlán fostaithe ag Foras na Gaeilge, is é sin 51 duine atá fostaithe go buan agus 9 atá fostaithe ar chonarthaí go dtí 31 Nollaig 2012 atá ag plé leis an bhfoclóir nua Béarla-Gaeilge. Cé gurb é 70 post buan an cohórt iomlán foirne atá ceadaithe i bprionsabal ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas d'Fhoras na Gaeilge, is é 58 an líon iarbhír de phoist bhuana atá ceadaithe ag an gComhairle don Fhoras. Bunaithe ar an gceadúchán seo, tá próiseas idir lámha ag an bhForas chun 7 bpost a líonadh faoi láthair. Is é€3.05 milliún an costas measta ar thuarastail Fhoras na Gaeilge i mbliana. Ní bheidh sonraí críochnaitheacha ar fáil faoin gcostas a bhainfidh le tuarastail an Fhorais in 2012 go dtí go mbeidh na buiséid don bhliain sin ceadaithe ag an gComhairle.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.