Written answers

Thursday, 24 November 2011

Department of Agriculture, Marine and Food

Íocaiochtaí Deontas

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 197: To ask the Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén fáth nach bhfuil íocaíocht faoi scéim na limistéar faoi mhíbhuntáiste (disadvantage area scheme) ceadaithe d'fheirmeoir (sonraí leis seo), cé go bhfuil pasanna ainmhithe, mar a bhí iarrtha ag an Roinn, curtha chuig an Roinn ón 28ú Meán Fómhair 2011; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36830/11]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Fuarthas iarratas faoi Scéim na hAoníocaíochta / Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2011 ón duine ainmnithe ar an 11 Bealtaine 2011. Faoi na Téarmaí agus Coinníollacha a rialaíonn scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste, ní mór d'iarratasóirí dlús stoic íosta de 0.15 aonad beostoic in aghaidh an heicteáir foráiste dearbhaithe a choinneáil ar a ngabháltas, ar feadh tréimhse trí mhí as a chéile ar a laghad i rith bhliain an iarratais.

Scríobhadh chuig an duine ainmnithe ar an 1 Meán Fómhair 2011, ag tabhairt cuireadh dó fianaise chuí a sheoladh isteach maidir le líon na mbeostoc á gcoinneáil ar an ngabháltas, mar gheall gur thaispeáin taifid na Roinne nach raibh an dlús stoic íosta bainte amach ag an duine ainmnithe fós. Sheol an duine ainmnithe fianaise isteach go raibh 5 Eachaí ar an ngabháltas. Mar gheall nach ndéanann sé sin an riachtanas maidir le stoc a shásamh, scríobhadh chuig an duine ainmnithe arís ar an 20 Deireadh Fómhair 2011 ag cur an staid reatha in iúl dó agus ag lorg fianaise ar bheostoc ar bith eile ar an ngabháltas. Tar éis freagra shásúil a fháil, déanfar tuilleadh próiseála ar an iarratas d'fhonn íocaíocht a dhéanamh go luath.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 198: To ask the Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén fáth nach bhfuil íocaíocht faoi sceim na limistéar faoi mhíbhuntáiste (disadvantage area scheme) ceadaithe d'fheirmeoir (sonraí leis seo), cé go bhfuil an t-eolas breise a bhí iarrtha ag an Roinn curtha ar aghaidh ón 29ú Meán Fómhair 2011; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36831/11]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Fuarthas iarratas faoi Scéim na hAoníocaíochta/Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste ón duine ainmnithe ar an 18 Aibreán 2011. Roghnaíodh an t-iarratas seo le haghaidh Cigireachta um Incháilitheacht Talún agus bhí sé mar ábhar na cigireachta sin. Cuireadh an chigireacht seo i gcrích agus tá na torthaí á bpróiseáil faoi láthair.

I bhformhór mór na gcásanna faoi chigireacht, lena n-áirítear an cás seo, bhí gá le leasú a dhéanamh ar na léarscáileanna le go gcoinneofaí an Córas Aitheanta Dáileachtaí Talún a úsáidtear chun íocaíochtaí a dhéanamh le feirmeoirí suas chun dáta. Tá an obair seo idir lámha agus tá gach iarracht á dhéanamh an phróiseáil a chur i gcrích dóibh siúd a bhí faoi réir ag Cigireacht um Incháilitheacht Talún.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.