Written answers

Thursday, 10 November 2011

Department of Public Expenditure and Reform

Riachtanais Teanga

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 94: To ask the Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cé na riachtanais teanga a bhain le post sealadach a fháil mar threoraí nó oibrí in Ionaid Oidhreachta Gaeltachta, Ghallarais, Dhún Aonghasa agus Theach an Phiarsaigh i mbliana; an raibh cumas sa Ghaeilge riachtanach; an bhfuil sé i gceist polasaí teanga a bheith ann an bhliain seo chugainn; má tá, an dtabharfaidh sé sonraí an pholasaí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33727/11]

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

I 2011, chuir an tSeirbhís Oidhreachta den OOP Seirbhísí Treoracha ar fáil trí mheán na Gaeilge ag na trí láithreacha - Gallaras, Dún Aonghasa agus Teach an Phiarsaigh. Is í an Ghaeilge an teanga oibre laethúil sna h-ionaid sin agus mar sin tá cumas sa teanga chun déileáil le haon riachtanais Gaeilge a tharlaíonn riachtanach dos na treoraithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.