Written answers

Wednesday, 9 November 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Teidlíochtaí Pinsin

6:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 120: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil cnapshuim, pinsean nó aon íocaíocht eile dlite d'iarfhostaí de chuid na Roinne (sonraí tugtha) a chuaigh ar pinsean le gairid; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33661/11]

Photo of Jimmy DeenihanJimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar a bheidh ar eolas ag an Teachta, is de réir mar a leagtar amach iad ina gconarthaí fostaíochta, agus i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta atá leagtha síos ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, a bhíonn teidlíochtaí pinsin, etc, baill foirne atá ag dul ar scor. Tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne teagmháil a dhéanamh leis an duine atá i gceist chun aon cheist a d'fhéadfadh fós a bheith aici i ndáil lena teidlíochtaí pinsin a shoiléiriú léi.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.